An Bhunsraith Mheánaoiseach agus Urlár na Talún

Leagadh an bhunsraith mheánaoiseach sa 13ú haois. Leantar ón mbealach isteach síos roinnt céimeanna agus faoi Léibheann an Rósghairdín agus castar ansin faoin gcaisleán go dtí an Túr Thiar, Túr Strongbow mar a bhí air ar dtús.

 

Bun an Túir Thiar – An Lusca

Tá doimhneacht mhillteach na mballaí ón 13ú haois soiléir sa seomra ciorclach seo. Tá dhá pholl lámhaigh fhada ar an mballa agus an méid a mhaireann de ‘lárú’ chaoladóireacht sailí le feiceáil ar an tsíleáil, próiseas a úsáideadh chun tacú leis an mboghta le linn na tógála.

An Parlús Síneach

Athchóiríodh an seomra seo de réir bhunmhaisiú na 1830idí sna 1990idí. Tá cuid den bhunpháipéar balla lámhdhaite Síneach ó 1810 ar na ballaí go fóill. Bhain sé le dea-bhéasa na sochaí sa 19ú haois go bhfágfadh na mná chun dul isteach sa pharlús tar éis dinnéir. Fágadh faoi na fir todóga a chaitheamh agus pórt agus branda a ól, nósanna nach gcleachtfadh bean mheasúil ag an am.

An Seomra Bia Stáit

Ba é seo seomra bia foirmeálta an Chaisleáin go dtí na 1860idí nuair a rinneadh seomra billéardaí de. Bhíodh dhá sheomra bia i dtithe na n-uaisle de ghnáth, seomra amháin d’ócáidí foirmeálta agus ceann eile d’úsáid laethúil. Tá na ballaí clúdaithe le páipéar balla lámhmhúnlaithe ar a dtugtar Vernis Versailles.

An Dorchla Iontrála

Sa 19ú haois, cuireadh síneadh leis an dorchla ar an dá thaobh de sheanbhealach isteach faoi dhíon do charráistí ar ar tugadh porte-cochère. Chuir sé seo gné Ghotach leis an gcuma a bhí ar an taobh amuigh agus cheangail sé na sciatháin thoir agus thiar ar an taobh istigh.

Fáiltiú

Ón gcéad lá a tógadh an caisleán athraíodh ainmneacha agus feidhmeanna na seomraí de réir mar a d’athraigh an faisean. Tá an fáiltiú marcáilte mar “an seomra seirbheála” sna pleananna ón 19ú haois.

Halla Iontrála

Tá halla iontrála anseo ó atógáil an chaisleáin sa 17ú haois, ar a laghad. Rinneadh an doras thuaidh tríd an imbhalla ollmhór a athmhúnlú faoi dhó sa 19ú haois. Marmar Chill Chainnigh agus gaineamhchloch áitiúil atá san urlár cloiche dubh agus bán. Meastar go bhfuil sé sin ann ón 19ú haois.

An Mór-Staighre

An gnólacht áitiúil R. Furniss and Son a dhear agus a thóg an staighre mahagaine seo i gCill Chainnigh sa 19ú haois. Téann sé go dtí an Seomra Taipéise agus casann sé ansin go dtí an chéad urlár.

An Seomra Taipéise

Tá an seomra seo sa Túr Thuaidh ina bhfuil ballaí tiubha ón 12ú haois. Tá nod sa chruth poll eochrach atá ar an tsíleáil gur cuireadh túr cearnógach leis an gcloigtheach meánaoiseach go luath sa 15ú haois. Cuid de shraith Thee Story of Decius Mus iad na taipéisí, a fíodh ó dhearaí a rinne Peter Paul Rubens i ndiaidh 1616. Scéal Decius Mus mar a d’eachtraigh Livias é atá léirithe iontu. Consal de chuid na Róimhe ba ea eisean a thug a bheatha ionas go mbuafadh na Rómhánaigh ar na Laidinigh.

An Chéad Urlár

Tá an Forsheomra, an Leabharlann agus an Parlús le fáil anseo sa lá atá inniu ann. Athchóiríodh an spás dá réir go déanach sa 19ú haois. Is eol dúinn ó stair an 17ú haois gur sna hárasáin stáit seo a d’fháiltigh Séamus de Buitléir, 1ú Diúc Urumhan roimh Nuinteas an Phápa, Giovanni Battista Rinuccini, le linn Chogaí Comhdhála na hÉireann sa tréimhse sin.

An Forsheomra

Tógadh an seomra beag seo agus an seomra thíos faoi san áit a mbíodh staighre cloiche roimhe sin. Tá cruth éilipseach air mar a léiríonn imlíne na síleála crochta.

An Leabharlann

Athchruthú dílis ar stíl na dtroscán ó lár go deireadh an 19ú haois atá sa mhaisiú inmheánach anseo. A bhuíochas do bhlúire fabraice a fuarthas laistiar de chlár sciorta, d’éirigh leis an ngnólacht Prelle i Lyon na Fraince atáirgeadh sa bhunphatrún agus dath a dhéanamh ar an bpoiplín de shíoda Francach ar na ballaí. Bhí an t-ádh ar an bhfoireann atáirgthe go dtángthas ar an mbunadmháil don bhrat urláir i gcáipéisí na clainne agus as sin go rabhthas in ann an ghnólacht chéanna, a raibh na taifid deartha coimeádta acu, a aimsiú.

 An Parlús

Tá an tríú seomra sa svuít maisithe sa stíl chéanna agus tá pictiúir ann a tháinig anuas ó bhunbhailiúchán Urumhan.

Staighre Starrmhaide

Tógadh na staighrí seo as eibhear Chill Mhantáin go  luath sa 19ú haois. Tá slí isteach ón staighre seo go dtí an Túr Thiar agus go dtí an bloc láir ar gach urlár.

Sciathán Ghailearaí na bPictiúr

Tógadh é seo mar chuid den chlár tógála i dtús an 19ú haois faoi stiúir an ailtire William Robertson. Ar dhúshraith a bhí ann cheana féin a tógadh é.

An Tinteán Marmair

Déanta as marmar Carrara. Ba é J. H. Pollen a rinne an dearadh i stíl gar-mheánaoiseach le snoíodóireacht duilliúir atá luaite le Charles Harrison.

An Dara hUrlár

Dorchla na Seomraí Leapa

Gailearaí a bhí anseo sa 16ú agus sa 17ú haois. Bhí mórbhailiúchán de 500 pictiúr ag an teaghlach ag an am, an bailiúchán is mó in Éirinn.

An Naíolann Victeoiriach

Tá léargas fíorspéisiúil le fáil sa seomra seo ar an óige sa 19ú haois. Tá gach rud anseo a bheadh ar fáil do pháistí den uasaicme sa ré sin. Cuireann an troscán atá oiriúnach don tréimhse, cathaoireacha, cliabhán agus cruib leanaí ina measc, go mór le cuma an tseomra.

Seomra Suí Príobháideach

Bhain an “Lady of the house” úsáid as an spás príobháideach seo chun léamh agus chun plé le comhfhreagras sóisialta agus cuairteanna príobháideacha. Tá roinnt priontaí ón 19ú haois mar aon le mionphortráidí de bhaill éagsúla den chlann le fáil sa seomra seo.

An Seomra Leapa Gorm

Cuid den svuít na mbalcóiní de sheomraí leapa sa Túr Thuaidh é seo. Tá sé díreach os cionn an tSeomra Taipéise. Ba sa svuít seo a d’fhan an Rí Éadbhard VII agus an Banríon Alexandra in 1904.

An Seomra Leapa Síneach

Tá an seomra leapa seo ceangailte leis an Seomra Leapa Gorm trí dhoirse dúbailte. Maisíodh é le macasamhail nua de pháipéar balla lámhphéinteáilte Síneach.

An Staighre Múrach

Mórstaighre é seo a oireann do chruth neamhghnách an fhoirgnimh. Tá an staighre, atá bunaithe ar an ailtireacht Mhúrach, snoite le duilliúr nádúraíoch agus mionghnéithe d’ainmhithe.