{"id":5110,"date":"2019-12-16T09:18:31","date_gmt":"2019-12-16T09:18:31","guid":{"rendered":"http:\/\/kilkennycastle.ie\/faoi\/"},"modified":"2019-12-16T09:18:34","modified_gmt":"2019-12-16T09:18:34","slug":"faoi","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/faoi\/","title":{"rendered":"Faoi"},"content":{"rendered":"<p>[et_pb_section bb_built=&#8221;1&#8243; fullwidth=&#8221;on&#8221; specialty=&#8221;off&#8221; next_background_color=&#8221;#000000&#8243;][et_pb_fullwidth_header _builder_version=&#8221;3.17.6&#8243; title=&#8221;Faoi&#8221; background_overlay_color=&#8221;rgba(0,0,0,0.33)&#8221; background_image=&#8221;http:\/\/kilkennycastle.ie\/wp-content\/uploads\/2018\/11\/KK-castle.jpg&#8221; text_orientation=&#8221;center&#8221; header_fullscreen=&#8221;on&#8221; header_scroll_down=&#8221;on&#8221; scroll_down_icon=&#8221;%%0%%&#8221; scroll_down_icon_size=&#8221;25px&#8221; title_font_size=&#8221;50px&#8221; subhead_font_size=&#8221;23px&#8221; background_color=&#8221;rgba(255, 255, 255, 0)&#8221; button_one_text_size__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_one_text_size__hover=&#8221;null&#8221; button_two_text_size__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_two_text_size__hover=&#8221;null&#8221; button_one_text_color__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_one_text_color__hover=&#8221;null&#8221; button_two_text_color__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_two_text_color__hover=&#8221;null&#8221; button_one_border_width__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_one_border_width__hover=&#8221;null&#8221; button_two_border_width__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_two_border_width__hover=&#8221;null&#8221; button_one_border_color__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_one_border_color__hover=&#8221;null&#8221; button_two_border_color__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_two_border_color__hover=&#8221;null&#8221; button_one_border_radius__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_one_border_radius__hover=&#8221;null&#8221; button_two_border_radius__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_two_border_radius__hover=&#8221;null&#8221; button_one_letter_spacing__hover_enabled=&#8221;on&#8221; button_one_letter_spacing__hover=&#8221;0&#8243; button_two_letter_spacing__hover_enabled=&#8221;on&#8221; button_two_letter_spacing__hover=&#8221;0&#8243; button_one_bg_color__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_one_bg_color__hover=&#8221;null&#8221; button_two_bg_color__hover_enabled=&#8221;off&#8221; button_two_bg_color__hover=&#8221;null&#8221; max_width_tablet=&#8221;50px&#8221; \/][\/et_pb_section][et_pb_section bb_built=&#8221;1&#8243; fullwidth=&#8221;off&#8221; specialty=&#8221;off&#8221; prev_background_color=&#8221;#000000&#8243;][et_pb_row][et_pb_column type=&#8221;4_4&#8243;][et_pb_text _builder_version=&#8221;3.17.6&#8243;]Is beag foirgneamh in \u00c9irinn a bhfuil stair chomh fada lonna\u00edochta ag baint leis le Caisle\u00e1n Chill Chainnigh. T\u00f3gadh an Caisle\u00e1n go luath tar \u00e9is choncas na Normannach ar \u00c9irinn agus san 800 bliain \u00f3 shin rinneadh \u00e9 a at\u00f3g\u00e1il, a athch\u00f3iri\u00fa agus a sh\u00edneadh de r\u00e9ir mar a d\u2019athraigh c\u00fains\u00ed an lae.<\/p>\n<p>T\u00e1 Caisle\u00e1n Chill Chainnigh oscailte do chuairteoir\u00ed \u00f3 cheann ceann na bliana sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. Athch\u00f3iri\u00fa Victeoiriach a rinneadh ar an mbunchaisle\u00e1n cosanta \u00f3n tr\u00ed\u00fa haois d\u00e9ag at\u00e1 ann den chuid is m\u00f3. Tagann na c\u00e9adta m\u00edlte cuairteoir\u00ed gach bliain chun an teach m\u00f3r gal\u00e1nta seo a fheice\u00e1il agus chun si\u00fal i measc na gcrann l\u00e1nfh\u00e1sta agus an fhiadh\u00falra fhairsing san fhearann m\u00e9ith de chaoga acra ina thimpeall. Mar bharr ar an \u00e1illeacht, cuireadh r\u00f3sghaird\u00edn foirme\u00e1lta l\u00e9ibheannaithe leis an bhfearann sa nao\u00fa haois d\u00e9ag, chomh maith le coillearnach agus loch saorga. T\u00e1 seomra\u00ed tae, cl\u00f3s spraoi agus roinnt beala\u00ed treod\u00f3ireachta ann ar mhaithe leis an gcuairteoir freisin.<\/p>\n<p>T\u00e1 an caisle\u00e1n ar an bhf\u00f3d le os cionn 800 bliain anois agus is ioma\u00ed athr\u00fa at\u00e1 d\u00e9anta ar an bhfoirgneamh i gcaitheamh na mblianta. William Marshal, 4\u00fa hIarla Pembroke, a th\u00f3g an bunchaisle\u00e1n cloiche Angla-Normannach i mblianta tosaigh an tr\u00ed\u00fa haois d\u00e9ag. Ina dhiaidh sin ghlac m\u00f3rtheaghlach na mBuitl\u00e9arach seilbh ar an gcaisle\u00e1n mar a bpr\u00edomh\u00e1ras in \u00c9irinn ar feadh beagnach 600 bliain. Thosaigh r\u00e9 na mBuitl\u00e9arach nuair a cheannaigh S\u00e9amus, 3\u00fa hIarla Urumhan an caisle\u00e1n thart ar an mbliain 1391, agus mhair s\u00ed go dt\u00ed 1967 nuair a thug Arthur, 6\u00fa Marcas agus 24\u00fa hIarla Urumhan, an caisle\u00e1n ar l\u00e1imh do mhuintir Chill Chainnigh.<\/p>\n<p>Tagann Caisle\u00e1n Chill Chainnigh chun cinn ar\u00eds agus ar\u00eds eile sna heachtra\u00ed agus sna beatha\u00ed m\u00f3ra a tharla i gcaitheamh na mblianta sin. T\u00e1 stair an chaisle\u00e1in lom l\u00e1n de phearsana m\u00f3r le r\u00e1, leith\u00e9id\u00ed Richard Fitzgilbert de Clare (\u2018Strongbow\u2019 mar a thugta\u00ed air) agus William Marshall, m\u00f3rth\u00f3g\u00e1la\u00ed caisle\u00e1n agus leasr\u00ed Shasana. Gabhadh an D\u00e1ma Alice Kyteler anseo sa cheathr\u00fa haois d\u00e9ag; cuireadh asarla\u00edocht ina leith agus daoradh chun a loiscthe \u00ed ag Crois an Mhargaidh ar an tSr\u00e1id Ard. S\u00e9amus, 1\u00fa Di\u00fac Urumhan, Oilibh\u00e9ar Cromail, an R\u00ed S\u00e9amus II agus an R\u00ed Liam III, pearsana m\u00f3ra i bpolait\u00edocht na hEorpa sa seacht\u00fa haois d\u00e9ag araon, chaith siad go l\u00e9ir tr\u00e9imhse anseo i gCaisle\u00e1n Chill Chainnigh. Sa bhliain 1904, cuireadh f\u00e1ilte roimh an R\u00ed \u00c9adbhard VII agus an Bhanr\u00edon Alexandra anseo agus iad ar ceann d\u00e1 gcuairteanna ar \u00c9irinn. Sa bhliain 2017, bh\u00ed baill de theaghlach r\u00edoga Shasana mar a\u00edonna ar\u00eds sa Chaisle\u00e1n nuair a th\u00e1inig S\u00e9arlas, Prionsa na Breataine Bige, agus Camilla, Bandi\u00fac Chorn na Breataine, ar cuairt.<\/p>\n<p>Chuir dh\u00e1 mh\u00f3rchogadh i gc\u00farsa an fichi\u00fa haois na haicm\u00ed s\u00f3isialta san Eoraip d\u00e1 mbonn. Tharla claochl\u00fa m\u00f3r in \u00c9irinn agus laga\u00edodh cumhacht pholaiti\u00fail agus eacnama\u00edochta na sean-uasal, teaghlach na mBuitl\u00e9arach ina measc. Ba bheag tairbhe d\u00f3ibh fanacht i gCaisle\u00e1n Chill Chainnigh a thuilleadh agus bheartaigh an teaghlach f\u00e1g\u00e1il in 1935. F\u00e1gadh an Caisle\u00e1n tr\u00e9igthe go dt\u00ed 1967, nuair a thug Arthur Butler ar l\u00e1imh do Choiste Athch\u00f3irithe agus Forbartha an Chaisle\u00e1in \u00e9, ar shuim ainmni\u00fail \u00a350.<\/p>\n<p>T\u00e1 an Caisle\u00e1n faoi ch\u00faram an OOP \u00f3 1969. Faoi tr\u00e1th sin bh\u00ed drochbhail agus meath imithe ar strucht\u00far an fhoirgnimh mar thoradh ar an easpa cothabh\u00e1la. Rinneadh athch\u00f3iri\u00fa ar sciath\u00e1n Ghaileara\u00ed na bPicti\u00far sa ch\u00e9ad ch\u00e9im den athch\u00f3iri\u00fa sna 1970id\u00ed. Sa dara c\u00e9im sna 1990id\u00ed, rinneadh an taobh istigh den bhloc l\u00e1rnach a athch\u00f3iri\u00fa i st\u00edl mh\u00f3rth\u00ed \u00f3 na 1830id\u00ed. Cr\u00edochna\u00edodh an tr\u00ed\u00fa c\u00e9im den athch\u00f3iri\u00fa sa bhliain 2000 inar forbra\u00edodh sciath\u00e1n Th\u00far na Par\u00e1ide mar l\u00e1thair saindeartha \u00f3c\u00e1id\u00ed agus comhdh\u00e1la.<\/p>\n<p>Is \u00e9 Sciath\u00e1n Th\u00far na Par\u00e1ide an l\u00e1thair speisialta \u00f3c\u00e1id\u00ed i gCaisle\u00e1n Chill Chainnigh anois. T\u00e1 an sean agus an nua fite fuaite le ch\u00e9ile go cliste sa sciath\u00e1n thiar ar fad agus i nd\u00e1 cheann de na t\u00fair mhe\u00e1naoiseacha. T\u00e1 an l\u00e1thair ilfheidhmeach seo deartha le bheith oiri\u00fanach le haghaidh raon leathan imeachta\u00ed, ina measc: comhdh\u00e1lacha, f\u00e1iltithe agus imeachta\u00ed cult\u00fartha chomh maith le l\u00e1thair do shearmanais ph\u00f3sta Shibhialta agus Dhaonnachacha.<\/p>\n<p>T\u00e1 spiorad spleodrach r\u00e9 Victeoiria tugtha chun solais go d\u00edlis taobh istigh de bhalla\u00ed an Chaisle\u00e1in. T\u00e1 s\u00f3 na 1830id\u00ed le sonr\u00fa sa svu\u00edt de thr\u00ed sheomra f\u00e1ilte; an Forsheomra, an Parl\u00fas agus an Leabharlann, lena mbrat url\u00e1ir patr\u00fanaithe, taip\u00e9is\u00ed balla de sh\u00edoda bu\u00ed agus t\u00e9astair ghal\u00e1nta \u00f3raithe. Ar fud an Chaisle\u00e1in, feidhm\u00edonn an sc\u00e9im dathanna mar ch\u00falra bre\u00e1 don bhaili\u00fach\u00e1n ilghn\u00e9itheach, ina n-\u00e1ir\u00edtear taip\u00e9is\u00ed Decius Mus \u00f3n 17\u00fa haois a bhfuil t\u00e1bhacht idirn\u00e1isi\u00fanta leo. Scr\u00fadaigh an baili\u00fach\u00e1n de phortr\u00e1id\u00ed shliocht Urumhan, a bhfuil roinnt acu in \u00e1it on\u00f3ra i nGaileara\u00ed iontach na bPicti\u00far. D\u00edol suntais an Gaileara\u00ed f\u00e9in lena dh\u00edon b\u00edoma\u00ed cas\u00fair at\u00e1 maisithe le f\u00edoracha agus radhairc n\u00e1d\u00fara\u00edocha l\u00e1mhph\u00e9inte\u00e1ilte r\u00e9amh-Rafaeil\u00edteacha. Feictear faisean Oirthearach an nao\u00fa haois d\u00e9ag sa Seomra Leapa S\u00edneach agus sa tr\u00f3sc\u00e1n coimhth\u00edoch at\u00e1 ar fud an fhoirgnimh.<\/p>\n<p>Tugann polasa\u00ed doras oscailte an OOP ag Caisle\u00e1n Chill Chainnigh an deis d\u00fainn cl\u00e1r \u00f3c\u00e1id\u00ed saor in aisce a chur ar f\u00e1il \u00f3 cheann ceann na bliana. I measc na n-\u00f3c\u00e1id\u00ed sin t\u00e1; cainteanna sna gaird\u00edn\u00ed, ceol i nGaileara\u00ed na bPicti\u00far agus sna gaird\u00edn\u00ed, l\u00e9irithe agus ceardlanna speisialta le linn na Seachtaine Oidhreachta agus cl\u00e1r sp\u00e9isi\u00fail imeachta\u00ed don Nollaig a oireann don mhaisi\u00fa \u00e1lainn s\u00e9as\u00farach a dh\u00e9antar sna seomra\u00ed seanr\u00e9 agus i dT\u00far na Par\u00e1ide araon. T\u00e1 raon leathan agus \u00e9ags\u00fail imeachta\u00ed ar f\u00e1il i bP\u00e1irc Chaisle\u00e1n Chill Chainnigh in aice l\u00e1imhe freisin, seirbh\u00eds don L\u00e1 Cuimhneach\u00e1in N\u00e1isi\u00fanta, taispe\u00e1ntais de ghluaiste\u00e1in chlasaiceacha, tr\u00ed-atlain, treod\u00f3ireacht, agus rith p\u00e1irce seachtaini\u00fail ina measc.<\/p>\n<p>T\u00e1 blas de bheatha Bhuitl\u00e9araigh Urumhan sa nao\u00fa haois d\u00e9ag le f\u00e1il i dtaobh istigh athch\u00f3irithe an Chaisle\u00e1in sa l\u00e1 inniu, agus tugann m\u00edreanna ailtireachta agus fearann p\u00e1irce stairi\u00fail an fhoirgnimh l\u00e9argas d\u00fainn ar stair n\u00edos leithne a chuims\u00edonn 800 bliain.[\/et_pb_text][\/et_pb_column][\/et_pb_row][\/et_pb_section]<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p><div class=\"et_pb_row et_pb_row_0 et_pb_row_empty\">\n\t\t\t\t\n\t\t\t\t\n\t\t\t\t\n\t\t\t\t\n\t\t\t\t\n\t\t\t<\/div>Is beag foirgneamh in \u00c9irinn a bhfuil stair chomh fada lonna\u00edochta ag baint leis le Caisle\u00e1n Chill Chainnigh. T\u00f3gadh an Caisle\u00e1n go luath tar \u00e9is choncas na Normannach ar \u00c9irinn [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":0,"parent":0,"menu_order":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"","meta":{"_et_pb_use_builder":"on","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"class_list":["post-5110","page","type-page","status-publish","hentry"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/5110","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=5110"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/5110\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.kilkennycastle.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=5110"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}