Text Size

Caisleán Marshal

Is le linn na ndeich mbliana i dtús an tríú haois déag, is dócha, a rinneadh an chéad chaisleán cloiche, a tógadh do William Marshal, 4ú hIarla Pembroke (c.1146-1219), a fhoirgniú ar láithreán a raibh déanmhas adhmaid air roimhe. Le linn tochailtí le déanaí, thángthas ar déanmhas a bhí tógtha as fóid agus ar chodanna de rampar mór cré faoi bhun an ghairdín agus faoi bhun limistéir na paráide; baineann an dá ghné sin le tréimhse roimh thréimhse an fhoirgnimh cloiche.

Taifeadadh an tuairisc is luaithe ar an gcaisleán cloiche sa bhliain 1307 nuair a liostaíodh na foirgnimh ar an láithreán mar a leanas: caisleán ina bhfuil halla, ceithre thúr, séipéal, móta agus tithe éagsúla eile. Is daingniú an méid sin i leith déanamh an chaisleáin a bheith comhchosúil leis an déanamh a úsáideadh i gcáisleáin ríoga Bhaile Átha Cliath agus Luimnigh sa mhéid gur chaisleán gan daingean a bhí ann. BÂ’ionann sin is a rá gur tógadh é gan túr ollmhór (nó daingean) mar phríomhghné dá chuid. Ina ionad sin, bhí ceithre thúr ann mar aon le balla timpeall air agus móta; bhí halla, séipéal agus foirgnimh eile, a raibh cuid díobh déanta as adhmad is dócha, laistigh de na ballaí. De thoradh tochailtí le déanaí nochtadh fíorais thábhachtacha eile faoin gcéad chaisleán cloiche. Thángthas ar bhonn claonta ollmhór a bhí ann mar
chosaint; téann sé isteach sa díog thirim nó sa mhóta agus fuarthas é ar éadain sheachtracha na n-imbhallaí marthanacha. Thángthas ar dhá chúlgheata éalaithe freisin agus tá caomhnú déanta orthu; is féidir ceann amhain acu a fheiceáil san áit a dtéann sé tríd an mbonn claonta dea-chaomhnaithe ar thaobh na láimhe deise den
bhealach isteach. Tá an ceann eile suite faoi urlár dhorchla an ardáin.


46.jpg

Tools

  • Print this page