Text Size

Caisleán Chill Chainnigh sa lá atá inniu ann

Sa lá atá inniu ann, tá Caisleán Chill Chainnigh ina shampla de roinnt céimeanna forbartha i dtaca le stíleanna ailtireachta Éireannaí de, mar shampla dúnfort Normannach cloiche mar aon le móta ar shuíomh ceannasach agus stíleanna níos déanaí ná sin a cuireadh isteach san fhoirgneamh lena n-áirítear an geata Clasaiceach taibhseach de chuid an seachtú haois déag. Le linn an ochtú haois déag tógadh na stáblaí galánta ar déanamh corráin agus, mar gheall ar atógáil agus athmhúnlú sa naoú haois déag tugadh isteach an stíl Chaisealach Bharúnach agus móitífeanna breise Gotacha de réir stíl Ruskin. Tá an chéim dheireanach den phróiseas caomhnaithe agus atógála is déanaí atá curtha i gcrích ag ailtirí Oifig na nOibreacha Poiblí le feiceáil san ionad nua-aimseartha comhdhála atá laistigh dÂ’fhaibric mheánaoiseach Thúr na Paráide.
69.jpg

Tools

  • Print this page